The Citizens Information Board (formerly Comhairle) has been committed to a policy of quality customer service since Comhairle was established in 2000. In line with the Government's policy of improving customer services in public service organisations, the Board has prepared a Customer Service Charter which sets out our commitment to how we wish to serve our customers. To underpin the Charter this Customer Action Plan has also been developed.
This Action Plan sets out a specific focus on developments to be achieved over the next three years. The Plan identifies our main customer groups and how we will apply and implement the principles of Customer Service. Customer feedback and complaints arrangements are also set out. In preparing this Plan, a number of sample customers have been consulted.
Customer Service
Action Plan 2009 - 2012 (Word) ![]()
The Citizens Information Board provides independent information, advice and advocacy on public and social services through citizensinformation.ie, the Citizens Information Phone Service (1890 777 121) and the network of Citizens Information Services. We are responsible for the Money Advice and Budgeting Service and provide the National Advocacy Service for people with disabilities. We put the citizen at the centre of everything we do and this Charter sets out the principles that underpin our services.
We are committed to...
We will provide clear and detailed information about public and social services to help you identify your needs and access your entitlements.
We will be responsive to your needs and we will deliver our services sensitively and efficiently.
We will respect diversity and ensure your right to equal treatment.
We will plan and deliver our services so you can access them in the way that suits you best.
We will ensure that all our services and offices are fully accessible. Contact our Access officer, Helen LaHert at the address below or accessofficer@ciboard.ie.
We will provide our services through Irish and/or bilingually where required.
We will consult with you to establish your needs when developing, delivering and evaluating our services.
We will support our staff to ensure that they provide an excellent service to one another and to you.
We will work closely with other organisations to deliver citizen-focused public services.
We will maintain an accessible and transparent appeal and review system where appropriate.
We want to provide the best service possible to you and welcome all comments on our services. Contact our Customer Services Officer, Shona Bannon at the address below or commentsandcomplaints@ciboard.ie
Tá an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh (ar a dtugtaí Comhairle) tiomanta do bheartas chun seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar do chustaiméirí ó bunaíodh Comhairle in 2000. Is é beartas an Rialtais feabhas a chur ar sheirbhísí do chustaiméirí in eagraíochtaí na seirbhíse poiblí agus chuige sin d'ullmhaigh an Bord an Chairt um Sheirbhís do Chustaiméirí a leagann amach ár dtiomantas faoin mbealach ar mian linn freastal ar ár gcustaiméirí. Lena chois sin forbraíodh Plean Gníomhaíochta Custaiméirí a bheidh mar bhonn taca ag an gCairt.
Leagann an Plean Gníomhaíochta béim faoi leith ar fhorbairtí atá le baint amach sna chéad trí bliana atá amach romhainn. Aithníonn an Plean cad iad ár bpríomhghrúpaí custaiméirí agus an chaoi a gcuirfimid na prionsabail maidir le Seirbhís do Chustaiméirí i bhfeidhm. Tá socruithe maidir le haiseolas agus gearáin ó chustaiméirí leagtha síos ann freisin. Chuamar i gcomhairle le roinnt custaiméirí samplacha nuair a bhí an Plean seo á ullmhú.
Plean
Gníomhaíochta um Sheirbhís do Chustaiméirí 2009 - 2012
(Word) ![]()
Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis, comhairle agus abhcóideacht neamhspleách ar fáil faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí trí citizensinformation.ie, tríd an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh (1890 777 121) agus tríd an líonra Seirbhísí um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Táimid freagrach as an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid agus cuirimid seirbhísí tacaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. Cuirimid an saoránach i gcroílár gach a ndéanaimid agus leagann an Chairt seo amach na prionsabail atá mar bhunsraith ag ár seirbhísí.
Táimid tiomanta dóibh seo a leanas...
Cuirfimid faisnéis shoiléir, mhionsonraithe ar fáil faoi sheirbhísí sóisialta agus poiblí le cabhrú leat do riachtanais a aithint agus do theidlíochtaí a rochtain.
Beimid freagrúil do do riachtanais agus cuirfimid ár seirbhísí ar fáil go híogair agus go héifeachtach.
Beidh meas againn ar éagsúlacht agus cinnteoimid go mbeidh sé de cheart agat caitheamh go cothrom leat.
Déanfaimid ár seirbhísí a leagan amach agus a chur ar fáil chun go bhféadfaidh tú iad a rochtain ar an mbealach is fearr a oireann duit.
Déanfaimid deimhin de go mbeidh ár seirbhísí agus ár n-oifigí lán-inrochtana. Téigh i dteagmháil lenár n-oifigeach Rochtana, Helen LaHert ag an seoladh thíos nó chuig accessofficer@ciboard.ie.
Cuirfimid ár seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge agus/nó sa dá theanga nuair a éilítear é sin.
Rachaimid i gcomhairle leat chun do riachtanais a fháil amach nuair a bheidh ár seirbhísí á bhforbairt, á soláthar, agus á measúnú againn.
Tabharfaimid tacaíocht dár bhfoireann le cinntiú go gcuirfidh siad seirbhís den scoth ar fáil dá chéile agus duitse.
Oibreoimid i ndlúthpháirtíocht le heagraíochtaí chun seirbhísí poiblí atá dírithe ar an saoránach a chur ar fáil.
Beidh córas achomhairc agus athbhreithnithe againn nuair is cuí sin a bheidh inrochtana agus trédhearcach.
Is mian linn an tseirbhís is fearr ar bith a sholáthar duit agus cuirimid fáilte roimh nótaí tráchta faoinár seirbhísí. Téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Seirbhísí do Chustaiméirí, Shona Bannon ag an seoladh thíos nó chuig commentsandcomplaints@ciboard.ie
